Skip to main content

Feirmeoirí móra is mó a bhainfidh buntáiste as plean nua an AE

An athrú polasaí athrú polasaí nach n-athraíonn rud ar bith? Sin í an cheist atá le cur i ndiaidh don Aontas Eorpach glacadh leis an leagan nua den Chomhpholasaí Talmhaíochta (CAP).

Tá bréagpharlaimint an Aontais i ndiaidh vótáil ar son an dréacht is deireanaí den chomhpholasaí. Nuair a cuireadh tús leis an idirbheartaíocht trí bliana ó shin luadh an tábhacht a bhain le polasaí glas don eacnamaíocht i gcoitinne, agus an riachtanas go ndéanfaí beart maidir le hastaíochtaí feirmeoireachta.

Luadh freisin an tábhacht a bhain le cóineasú nó coinbhéirseacht ioncaim trí níos mó de na fóirdheontais a thabhairt do na feirmeoirí beaga.

Ach is i bhfad uaidh sin an comhpholasaí a aontaíodh sa deireadh, go háirithe maidir le cúrsaí comhshaoil. Faoin bplean nua, beidh formhór an airgid ón gcomhpholasaí ag dul dóibh siúd, go háirithe feirmeoirí móra, atá  beag beann ar choinníollacha timpeallachta.

Den €387 billiún don tréimhse fóirdheontais romhainn, beidh €270 billiún le caitheamh ar íocaíochtaí díreacha.

Ar an taobh eile den scéal, tá caint ann i gcónaí faoi chuid den bhearna idir feirmeacha móra agus feirmeacha beaga a iamh tríd na fóirdheontais is ísle a chóineasú ó 60%, mar atá faoi láthair, go dtí 85%.

Faoin gcóras sin faigheann feirmeoirí a bhfuil feirm mhór acu níos mó deontais in aghaidh an heicteáir ná mar a fhaigheann an feirmeoir beag. Is iarracht é an cóineasú nó an choinbhéirseacht na híocaíochtaí a fhaigheann an dream is lú talamh a chothromú.

Maíonn an feisire Eorpach Luke Ming Flanagan go mbeidh €2,200 breise sa mbliain ag dul dóibh siúd a gheobhaidh na híocaíochtaí is ísle, an dream a bhfuil 32 heicteár acu. Ach deir sé go bhféadfadh siad €3,200 sa bhliain a fháil dá ndéanfaí cóineasú 100% (seachas an 60% atá ann).

Agus deir sé go bhfuil lánchead ag an Aire Talmhaíochta, Charlie McConalogue, an cóineasú sin a thabhairt isteach dá mba mhian leis é. Mura ndéanann, is mar gheall ar chinneadh a dhein sé féin – agus an rialtas – é.

Admhaíonn Luke Ming Flanagan áfach nach bhfuil tada sa phlean dáiríre a dhéanfadh leas do na cuspóirí glasa a raibh an oiread sin cainte fúthu.

Deir Raphael Schmeller, sa nuachtán Gearmánach Junge Welt, nach bhfuil ach 25% de na híocaíochtaí díreacha ceangailte le scéimeanna éiceolaíocha – scéimeanna a cháintear toisc iad a bheith éiginnte ar aon chuma.

Agus luann Schmeller ráiteas a rinne Martin Schulz, cathaoirleach náisiúnta an AbL, grúpa a chuireann an talmhaíocht tuaithe chun cinn. Dúirt Martin Schulz gur geall le “fógra féimheachta” a bhí sa phlean fad is a bhaineann sé leis an gcothromas sóisialta mar gheall gur chuig na feirmeacha móra a rachaidh an chuid is mó den tacaíocht i gcónaí.

Ar ndóigh, tá an plean cáinte ag eagraíochtaí ar nós Na Feirmeoirí Aontaithe; ach ní mar gheall nach dtéann sé sách fada maidir le cóineasú (a chuideodh le feirmeoirí beaga) ach go dtéann sé rófhada is go bhfuil baol ann go mbeidh laghdú beag ar theacht isteach na bhfeirmeoirí móra.

Séard a léiríonn na fíricí seo ná nach bhfuil sa gcaint faoi ghéarchéim na haeráide, an bhithéagsúlacht agus timpeallacht ghlas ach dordfhocail – ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na rialtais freisin.

Níl an tábhacht chéanna ag baint le talmhaíocht in Éirinn is a bhain nuair a chuamar isteach sa gComhphobal Eorpach, ach tá tábhacht léi i gcónaí, go háirithe faoin tuath.

Ach is léir nach bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún córas daonlathach feirmeoireachta a chur i bhfeidhm a roinnfeadh fóirdheontais Eorpacha go cothrom, agus nach bhfuil aon spéis ag an rialtas reatha – rialtas a mhaíonn an Comhaontas Glas go bhfuil an oiread sin tionchair acu air – a bheith ag smaoineamh faoina leithéid ach an oiread.

Cad chuige mar sin na gearáin ón IFA agus na bagairtí go n-eagrófar agóidí faoi na hathruithe?

Ceapaim gur chuir Flanagan a mhéar ar an bpointe. Tá cead ag an Aire dul níos faide agus níos gasta ó thaobh cóineasú ioncaim dhe ná mar atá leagtha síos sa gComhpholasaí. Teastaíonn ón IFA féachaint chuige nach ndéanfaidh sé amhlaidh.

Agus toisc nach bpléitear na buntáistí is na míbhuntáistí a bhaineann go fírinneach leis an bplean ar na meáin chraolta nó sna meáin mhóra, fágtar anailís ar an bplean i lámha na ndaoine a fhaigheann a chuid is mó de na fóirdheontais chéanna.

Agus fágtar freagra na bhfeirmeoirí ina lámha siúd freisin.

Ach ar ndóigh ní dhéanann muid aon díospóireacht faoi rud ar bith a thagann ón Aontas Eorpach. Más Eorpach é is rud maith é, an mana a bhíonn i bhfeidhm againn anseo.

Ach má dhéanann muid scrúdú ar an bplean seo tá sé soiléir go dtagann sé salach ar fad ar chaint an rialtais faoi modh glas oibre agus faoi chothrom na Féinne.

Aon fhreagra ag Eamon Ryan?

Níos mó